Opportunity: Scéim Sparánachta 2025 Ealaín na Gaeltachta
Posted: 24 June, 2025
The Ealaín na Gaeltachta Artist Bursary scheme 2025 supports individual professional artists, who live in the Gaeltacht and work in the Irish language, to develop their artistic practice.
Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóirí gairmiúla aonaracha, atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht, agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, am a chur ar leataobh i dtreo barr feabhais a chothú ina gcleachtas. Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta in aon réimse cleachtais ealaíne agus atá ag aon staid dá gcleachtas gairmiúil. €5,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 1, agus €10,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 2.
Seisiúin Eolais ar líne
Cuirfear seisiúin eolais ar fáil ar líne chun tuilleadh eolais a thabhairt ar an scéim.
Dé Máirt 17 Meitheamh 19:00 – 20:30
Dé Céadaoin 18 Meitheamh 10:00 – 11:00
Chun clárú, seol ríomhphost chuig ealain@udaras.ie. Cuir Seisiún Eolais Sparánachta Ealaín na Gaeltachta i líne an ábhair agus luaigh cé acu dáta is fearr a oireann duit.
Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar an scéim: 17 Iúil
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ar www.ealain.ie
Tacaíochtaí Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh a fháil chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil linn ag ealain@udaras.ie a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta. Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana agat a bhaineann le d’iarratas. (m.sh scríobhaí, costas iompair). Ní féidir costas a chur isteach le haghaidh comhlánú an iarratais féin.